Ná bac leis seo

Go dtí an clár

TheCrimsonMonkey/E+ via Getty Images

FEACHTAS SPEISIALTA

Fadhbanna na Timpeallachta—An méid a Dhéanfaidh Ríocht Dé Fúthu

Fadhbanna na Timpeallachta—An méid a Dhéanfaidh Ríocht Dé Fúthu

 “Tá éigeandáil aeráide ag cur brú ar dhaoine, ar chathracha agus ar éiceachórais., De bharr athrú aeráide, tá stoirmeacha cumhachtacha ag scriosadh tithe agus slite beatha ar fud an domhain. Tá an fharraige ag téamh agus dá bharr sin tá go leor speiceas i mbaol.”—Inger Andersen, Leas-Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe agus stiúrthóir feidhmiúcháin ar Chlár Comhshaoil na NA, Iúil 25, 2023.

 An mbeidh rialtais in ann a theacht le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna seo? An mbeidh siad in ann a theacht ar réiteach buan?

 Cuireann an Bíobla síos ar rialtas a réiteoidh fadhbanna an chomhshaoil. Deir sé “cuirfidh Dia neimhe ríocht ar bun,” nó rialtas a rialóidh agus a réiteoidh fadhbanna an domhain. (Dainéil 2:44) Ag tagairt don dream a bheadh ag maireachtáil faoin rialtas domhanda sin deir an Bíobla:“Díth ná dochar ní dhéantar níos mó”ar an domhan.—Íseáia 11:9.