Ná bac leis seo

Ag Maireachtáil le Tinneas Fadtéarmach—An Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Leat?

Ag Maireachtáil le Tinneas Fadtéarmach—An Féidir Leis an mBíobla Cabhrú Leat?

Freagraíonn an Bíobla

 Is féidir, tá suim ag Iehova ina sheirbhísigh. Maidir leis an seirbhíseach dílis, deir an Bíobla: “Tabharfaidh sé neart dó ar leaba a thinnis agus déanfaidh a leigheas le linn a bhreoiteachta.” (Salm 41:4 [41:3 i mBíoblaí eile]) Má tá tú ag maireachtáil le tinneas fadtéarmach, is féidir leis na trí chéim seo a leanas cabhrú leat:

  1.   Guí chuig Iehova. Beidh “síocháin Dé atá os cionn ár dtuisceana” agat, rud a laghdóidh d’imní agus a chothóidh thú.​—Filipigh 4:6, 7.

  2.   Bí dearfach. Deir an Bíobla: “Oideas fónta an croí meidhreach; seirgeann na cnámha le heaspa misnigh.” (Seanfhocail 17:22) Déan d’acmhainn grinn a chothú, mar ní amháin go bhféadfaidh sé seo cabhrú leat dul i ngleic le deacrachtaí ach cuideoidh sé le do shláinte freisin.

  3.   Coinnigh do dhóchas daingean. Cabhróidh dóchas leat a bheith sona in ainneoin tinneas fadtéarmach. (Rómhánaigh 12:12) Thuar an Bíobla go dtiocfaidh an t-am nuair nach mbeadh áitreabhach ann “a déarfaidh choíche arís: ‘Tá mé breoite.’” (Íseáia 33:24) Leigheasfaidh Iehova gach tinneas an uair sin, rud nach bhfuil ar chumas na heolaíochta nua-aimseartha a dhéanamh anois. Deir an Bíobla go mbeidh daoine arís ag dul in aois na hóige: “Bíonn a chneas arís i mbláth na hóige; agus filleann sé arís ar laethanta a chumais.”​—Iób 33:25.

 Nóta: Cé go dtugann muid aitheantas don chabhair a chuireann Dia ar fáil dúinn, lorgaíonn Finnéithe Iehova cóir leighis le haghaidh tinnis cosúil le tinnis fhadtéarmacha. (Marcas 2:17) Ní thacaíonn muid áfach le haon chóir leighis ar leith; tá muid den tuairim gur chóir do gach duine a chinntí féin a dhéanamh ar ábhair den sórt sin.