Ná bac leis seo

Ar Athraíodh an Bíobla?

Ar Athraíodh an Bíobla?

 Níor athraíodh. Léiríonn comparáid idir lámhscríbhinní ársa nach bhfuil aon athrú bunúsach déanta ar an mBíobla ainneoin go bhfuil na mílte bliain caite á athscríobh ar ábhair nach raibh aon teacht aniar ann.

An gciallaíonn sé seo nach ndearnadh botúin chóipeála riamh?

 Fuarthas na mílte lámhscríbhinní ársa den Bhíobla. Tá roinnt difríochtaí i gcuid acu seo, rud a léiríonn go ndearnadh botúin agus iad á gcóipeáil. Is beag tionchar a bhí ag na botúin seo agus ní athraíonn siad brí an téacs. Ach thángthas ar chúpla difríocht suntasach, agus is léir gur iarrachtaí a bhí iontu seo teachtaireacht an Bhíobla a athrú d’aon ghnó. Scrúdóidh muid dhá shampla:

  1.   I roinnt sean-aistriúcháin den Bhíobla, tá na focail seo a leanas le fáil ag 1 Eoin 5:7: “ar neamh, an tAthair, an Briathar, agus an Spiorad Naomh; agus is aon an Triúr.” Deimhníonn lámhscríbhinní ar féidir brath orthu, nach raibh na focail seo sa mbuntéacs. Cuireadh leis níos déanaí iad. a Dá bhrí sin, tá siad fágtha ar láir as aistriúcháin chruinn nua-aimseartha den Bhíobla.

  2.   Tá ainm pearsanta Dé le feiceáil na mílte uair i lámhscríbhinní ársa an Bhíobla. Ach, tá teidil mar “Tiarna” nó “Dia” úsáidte ina áit i go leor aistriúcháin den Bhíobla.

Cén chaoi ar féidir linn a bheith cinnte nach bhfuil i bhfad níos mó botúin ar tí a bheith faighte?

 Ag an bpointe seo, táthar tar éis a theacht ar an oiread sin lámhscríbhinní go bhfuil sé níos éasca ná riamh botúin a aimsiú. b Céard a léiríonn an chomparáid atá déanta idir na cáipéisí seo faoi chruinneas an Bhíobla inniu?

  •   Ag trácht dó ar théacs na Scrioptúir Eabhraise (ar a dtugtar an “Sean-Tiomna”), dúirt an scoláire William H. Green: “Is féidir a rá nár tháinig aon saothar eile ó bhéal go béal aniar ón tseanaimsir atá chomh cruinn sin.”

  •   Maidir leis na Scrioptúir Gréigise Críostaí, nó “an Tiomna Nua,” scríobh an scoláire Bíobla F. F. Bruce: “Is mó go mór an fhianaise atá ann go bhfuil scríbhinní ár dTiomna Nua cruinn ná aon fhianaise a bhaineann le go leor de scríbhinní na n-údar clasaiceacha, ach níl duine ar bith ag ceistiú a gcruinnis siúd.”

  •   Dúirt Sir Frederic Kenyon, saineolaí ar lámhscríbhinní an Bhíobla, gur féidir le duine “an Bíobla iomlán a thógáil ina láimh agus a rá gan eagla ná leisce gurb é fíor-bhriathar Dé é, agus nach bhfuil aon rud tábhachtach fágtha amach as in imeacht na gcéadta bliain.”

Cén fáth ar féidir linn a bheith muiníneach gur aistríodh an Bíobla go cruinn?

  •   Rinne cóipeálaithe an Bhíobla idir Giúdaigh agus Críostaí cur síos cruinn ionraic ar na botúin thromchúiseacha a rinne Pobal Dé. c (Uimhreacha 20:12; 2 Samúéil 11:​2-4; Galataigh 2:​11-​14) Níor fhág siad ar lár sleachta a bhí ag cur síos ar easumhlaíocht na nGiúdach ná sleachta a léirigh go raibh teagasc daonna mícheart. (Hóisé 4:2; Malaicí 2:​8, 9; Matha 23:​8, 9; 1 Eoin 5:​21) Trí na cuntais seo a chóipeáil go cruinn, léirigh na cóipeálaithe go bhféadfaí muinín a bheith astu, agus go raibh meas mór acu ar Bhriathar naofa Dé.

  •   Scríobhadh an Bíobla faoi inspioráid Dé an chéad lá riamh, mar sin níl sé ach réasúnach go ndéanfadh sé cinnte go mbeadh sé cruinn. d (Íseáia 40:8; 1 Peadar 1:​24, 25) Bhí sé beartaithe aige go rachadh sé chun tairbhe do gach duine, an dream a mhair san am a caitheadh agus muidne inniu. (1 Corantaigh 10:11) Is féidir a rá, “Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n-ábhar dóchais againn.”​—Rómhánaigh 15:4.

  •   Bhí Íosa agus a lucht leanúna ag tagairt i gcónaí den mhéid a bhí luaite sna cóipeanna de na Scrioptúir Eabhracha agus níor léirigh siad aon imní faoi chruinneas na dtéacsanna ársa sin.​—Lúcás 4:​16-​21; Gníomhartha 17:​1-3.

a Níl na focail seo le fáil sa Codex Sinaiticus, sa Codex Alexandrinus, i Lámhscríbhinn na Vatacáine 1209, sa mbuntéacs den Vulgate Laidineach, sa Philoxenian-Harclean Syriac Version, nó sa Syriac Peshitta.

b Mar shampla, thángthas ar níos mó ná 5,000 lámhscríbhinn Gréagacha den Tiomna Nua, nó de na Scrioptúir Ghréigise Críostaí, mar a thugtar orthu.

c Níl sé ráite sa mBíobla go raibh na daoine a d’úsáid Dia gan locht. Deir an Bíobla go fírinneach: “Mar níl duine beo nach ndéanann peaca.”​—1 Ríthe 8:​46.

d Cé nár thug Dia an t-ábhar atá scríofa sa mBíobla do na scríbhneoirí focal ar fhocal, threoraigh sé a smaointe lena spioraid.​—2 Tiomóid 3:​16, 17; 2 Peadar 1:​21.