Cén Fáth Ar Tharla an tUileloscadh? Cén Fáth Nár Stop Dia É?
Bhí go leor fulaingthe déanta ag an dream a chuireann na ceisteanna seo agus bíonn freagraí agus sólás ag teastáil uathu. Tá daoine eile den tuairim go léiríonn an tUileloscadh an t-olcas atá sa duine, agus bíonn sé deacair acu a chreidiúint go bhfuil Dia ann.
An chiall chontráilte faoi Dhia agus faoin Uileloscadh
An chiall chontráilte: Níor cheart a bheith ag ceistiú na cúise ar cheadaigh Dia an tUileloscadh.
Fíric: Cuireann daoine a bhfuil creideamh láidir acu ceisteanna faoin gcúis a gceadaíonn Dia drochrudaí. Mar shampla, chuir an fáidh Habacúc an cheist ar Dhia: “Cén fáth a mbíonn tú féin ag breathnú ar an ansmacht ar nós cuma liom? Déantar slad agus foréigean os mo chomhair agus is minic a bhíonn achrann agus aighneas ann.” (Habacúc 1:3) Ach seachas a bheith ag cáineadh Habacúc, rinne Dia cinnte go raibh na ceisteanna a chur sé scríofa sa mBíobla do chách le léamh.
An chiall chontráilte: Is cuma le Dia faoi fhulaingt an chine dhaonna.
Fíric: Is fuath le Dia an urchóid agus an fhulaingt a bhíonn mar thoradh air. (Seanfhocail 6:16-19) Nuair a chonaic Dia chomh forleathan is a bhí an urchóid in aimsir Naoi “ghoill sé air ó chroí.” (Geineasas 6:5, 6) Gan amhras, ghoill an tUileloscadh go mór ar Dhia.—Malaicí 3:6.
An chiall chontráilte: Pionós ó Dhia ar na Giúdaigh a bhí san Uileloscadh.
Fíric: Lig Dia cead do na Rómhánaigh Iarúsailéim a scriosadh sa gcéad aois. (Matha 23:37–24:2) Ó shin i leith, níor léirigh Dia fabhair le haon ghrúpa eitneach, agus ní ghearrann sé pionós orthu ach an oiread. Mar i súile Dé, “níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach.”—Rómhánaigh 10:12.
An chiall chontráilte: Dá mbeadh Dia grámhar agus uilechumhachtach ann, ní ligfeadh sé cead don Uileloscadh tarlú.
Fíric: Cé nach é Dia is cúis leis an bhfulaingt, ceadaíonn sé go sealadach é uaireanta.—Séamas 1:13; 5:11.
Cén fáth ar lig Dia cead den Uileloscadh tarlú?
Ba í an chúis chéanna ar cheadaigh Iehova an tUileloscadh is a cheadaíonn sé fulaingt an duine: chun saincheisteanna morálta a hardaíodh i bhfad ó shin a réiteach. Léiríonn an Bíobla go soiléir gurb é an Diabhal, agus ní Dia, atá ag rialú an domhain faoi láthair. (Lúcás 4:1, 2, 6; Eoin 12:31) Tá dhá fhíric bhunúsacha sa mBíobla a mhíníonn an chúis ar cheadaigh Dia an tUileloscadh.
Chruthaigh Dia an duine le saorthoil. Bhí Dia soiléir faoin méid a bhí sé ag súil leis ó Ádhamh agus Éabha, ach níor chuir sé d’iallach orthu a bheith umhal dó. Roghnaigh siad a gcinntí féin a dhéanamh maidir le céard a bhí ceart agus céard a bhí mícheart—sin mar a rinne an duine i riamh anall—tá an toradh tubaisteach a bhí ar an gcinneadh sin le feiceáil inniu. (Geineasas 2:17; 3:6; Rómhánaigh 5:12) Tá sé seo ag teacht leis an méid atá sa leabhar Statement of Principles of Conservative Judaism a deir: “Is í an mhí-úsáid a bhaintear as an tsaorthoil a tugadh dúinn is cúis leis an gcuid is mó den fhulaingt ar fud an domhain.” In ionad an tsaorthoil a tugadh dúinn a bhaint dínn, thug Iehova tréimhse ama don chine daonna chun a gcuid gnóthaí féin a láimhseáil dá uireasa.
Is féidir agus is mian le Dia an damáiste a rinne an tUileloscadh a chur ina cheart. Geallann Dia go dtógfaidh sé na mairbh ón mbás, iad siúd a bhásaigh san Uileloscadh ina measc. Cuirfidh sé deireadh le pian na ndaoine a tháinig slán ón Uileloscadh ach atá ag fulaingt de bharr droch-chuimhní. (Íseáia 65:17; Gníomhartha 24:15) Dearbhaíonn grá Dé don chine daonna go gcomhlíonfaidh sé na gealltanais seo.—Eoin 3:16.
D’éirigh le roinnt mhaith den dream a d’fhulaing agus a tháinig slán ón Uileloscadh a gcreideamh a láidriú agus saol fiúntach a bheith acu mar gheall gur thuig siad an chúis a gceadaíonn Dia an fhulaingt agus gach atá ar intinn aige a dhéanamh chun deireadh a chur léi.