Ná bac leis seo

An í Muire Máthair Dé?

An í Muire Máthair Dé?

Freagraíonn an Bíobla

 Ní hí, ní mhúineann an Bíobla gurb í Muire máthair Dé, ná gur chóir do Chríostaithe Muire a adhradh nó urraim a thabhairt di. a Smaoinigh ar seo:

  •   Níor mhaígh Muire riamh gurbh í máthair Dé í. Míníonn an Bíobla nach í máthair Dé í ach máthair ‘Mhac Dé’.​—Marcas 1:1; Lúcás 1:​32.

  •   Ní dúirt Íosa Críost riamh gurbh í Muire máthair Dé nó go raibh deabhóid speisialta tuillte aici. Cheartaigh sé bean a rinne tagairt den phribhléid aoibhinn a bhí ag Muire a mháthair, ag rá: “Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.”​—Lúcás 11:27, 28.

  •   Níl na téarmaí “Máthair Dé” agus “Theotokos” (iompróir Dé) le fáil sa mBíobla.

  •   Tagraíonn an leagan cainte “Banríon Neimhe” sa mBíobla, do bhandia bréagach a bhíodh ag na hIosraeilítigh a raibh an creideamh séanta acu, agus ní do Mhuire. (Irimia 44:15-​19) B’fhéidir gurbh í “Banríon Neimhe” Isteár (nó Astarte), an bandia Bablónach.

  •   Ní raibh na chéad Chríostaithe ag adhradh Mhuire, ná níor thug siad aon onóir speisialta di. Deir staraí amháin go ndiúltódh na chéad Chríostaithe “de chultais mar gur dócha go raibh eagla orthu go bhféadfadh an aird mhíchuí sin ar Mhuire amhras faoi adhradh bandia a mhúscailt.”​—In Quest of the Jewish Mary.

  •   Deir an Bíobla go raibh Dia ann i gcónaí. (Salm 90:​1, 2; Íseáia 40:28) Ós rud é nach raibh aon tús aige, ní féidir leis máthair a bheith aige. Ina theannta sin, ní fhéadfadh Muire Dia a bheith ina broinn aici; mar deir an Bíobla go soiléir nach féidir leis na flaithis féin é a choinneáil.​—1 Ríthe 8:​27.

Muire​—Máthair Íosa ní “Máthair Dé”

 Ba Ghiúdach í Muire de shliocht Rí Dáiví. (Lúcás 3:​23-​31) Bhí fabhar Dé léi mar gheall ar a creideamh agus a deabhóid. (Lúcás 1:​28) Roghnaigh Dia í le bheith mar mháthair ag Íosa. (Lúcás 1:​31, 35) Bhí tuilleadh clainne ag Muire lena fear céile, Iósaef.​—Marcas 6:3.

 Cé go léiríonn an Bíobla go raibh Muire ina deisceabal ag Íosa, ní thugtar mórán eile eolais fúithi.​—Gníomhartha 1:​14.

a Múineann cuid de na heaglaisí gurb í Muire máthair Dé. B’fhéidir go dtagraíonn siad di mar “Bhanríon Neimhe” nó mar Theotokos, focal Gréigise a chiallaíonn “iompróir Dé.”