Ná bac leis seo

An Gá Duit a Bheith i do Bhall de Reiligiún Eagraithe?

An Gá Duit a Bheith i do Bhall de Reiligiún Eagraithe?

Freagraíonn an Bíobla

 Is gá, mar tá Dia ag iarraidh ar dhaoine a theacht le chéile chun é a adhradh. Deir an Bíobla: “Tugaimis aird ar a chéile chun go spreagfaimid a chéile chun grá a thaispeáint dá chéile agus chun dea-oibreacha a dhéanamh.”—Eabhraigh 10:24, 25.

 Thug Íosa le fios go mbeadh a lucht leanúna ina ngrúpa eagraithe nuair a dúirt sé leo: “As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh má bhíonn grá agaibh dá chéile.” (Eoin 13:35) Leis an ngrá seo a léiriú dá chéile, bheadh deisceabail Íosa ag teacht le chéile lena gcomhChríostaithe. Bheadh siad eagraithe ina bpobail ag cruinniú le chéile go rialta chun adhradh. (1 Corantaigh 16:19) Ba bhráithreachas idirnáisiúnta a bheadh iontu.—1 Peadar 2:17.

Tá níos mó ag teastáil ná a bheith i do bhall de reiligiún

 Cé go léiríonn an Bíobla gur gá do dhaoine teacht le chéile le Dia a adhradh, ní mhúineann sé go bhfuil duine inghlactha ag Dia de bhrí go bhfuil sé ina bhall de reiligiún áirithe. Le go mbeidh duine inghlactha ag Dia, caithfidh tionchar a bheith ag a reiligiún ar a shaol laethúil. Mar shampla, deir an Bíobla: ”Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.”—Séamas 1:27.